Personal profile

Research Focus

Iníon léinn PhD is ea mé atá ag plé le hathbheochan chomhaimseartha na Gaeilge i mBéal Feirste ó bhí Comhaontú Aoine an Chéasta (1998) ann. Rannpháirtíocht na n-óg san athbheochan phobalbhunaithe úd a bheidh á cíoradh agam go háirithint. Togra comhoibríoch is ea é idir Ollscoil na Ríona agus Glór na Móna. 

I am a PhD student researching the contemporary revival of the Irish language in Belfast since the Good Friday Agreement (1998). I will be focusing primarily on youth engagement with the grassroots-led revival. This is a collaborative project between Queen's University and Glór na Móna.

Achievements

2023-2027:

- Scoláireacht iomlán dochtúireachta de chuid an Northern Bridge Consortium (UKRI).

- A fully-funded doctoral studentship awarded by the UKRI's Northern Bridge Consortium. 

2021-2022:

- Scoláireacht Feabhais de chuid Choláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, le tabhairt fé MA sa Nua-Ghaeilge.

- An Excellence Scholarship from the College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences in University College Cork to undertake an MA in Modern Irish.

2017, 2019, 2020:

-  Bhronn Coláiste na nEalaíon, an Léinn Cheiltigh agus na nEolaíochtaí Sóisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, gradam léinn orm fé thrí as barr feabhais a bhaint amach i scrúduithe na fochéime.

- The College of Arts, Celtic Studies and Social Sciences in University College Cork awarded me the title of 'College Scholar' three times during my undergraduate degree in recognition of my academic achievements. 

2017:

-  Bhronn Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, scoláireacht Ghaeltachta orm do Dhaonscoil na Mumhan mar thoradh ar mo thorthaí scrúduithe i léann na Gaeilge. 

- The Department of Modern Irish in University College Cork awarded me with a Gaeltacht scholarship to undertake a course in Daonscoil na Mumhan as a result of my exam results in Irish.