Abstract
Áitítear san aiste seo go raibh go raibh tionchar nach beag ag sochaí patrarcach na Spáinne ar shaothar Mháire Mhac an tSaoi. Ba é an tréimhse a chaith sí in Madrid le linn dheachtóireacht Franco (idir 1949 agus 1951) an tréimhse thar lear ba mhó a mhúnlaigh a clár filíochta, agus, go speisialta, na dánta is cáiliúla agus is conspóidí sa chnuasach 'Margadh na Saoire' (1956). D'fhág an cnuasach 'Romancero Gitano' le Federico García Lorca a rian orthu, ainneoin go raibh cosc iomlán ar an saothar sin faoi réimeas Franco. Chuir dánta Lorca saol eile in aithne do Mhac an tSaoi: saol fuascailteach agus spreagúil a mhair faoi scáth mhórchultúr piúratánach na deachtóireachta – agus, mar a d'admhaigh sí féin, chuir an fochultúr sin i dtreo na Gaeilge í.
Translated title of the contribution | Without care in the world: Máire Mhac an tSaoi in Spain (1949-1951) |
---|---|
Original language | Other |
Pages (from-to) | 17-20 |
Journal | Comhar |
Volume | 82 |
Issue number | 10 |
Publication status | Published - 05 Oct 2022 |